Eolas as Gaelige

Tá Institiúid na gCuntasóirí Deimhnithe Poiblí in Éirinn ar cheann de na príomh comhlachtaí cuntasaíochta Éireannacha, le níos mó ná 5,000 baill agus mic léinn. Tá an t-ainmniú “Cuntasóir Deimhnithe Poiblí” nó CDP, an t-ainmniú is coitianta timpeall na cruinne le haghaidh cuntasóirí gairmiúla agus tá aitheantas forleathan idirnáisiúnta ag cáilíochtaí na hInstitiúide. Tá ár mbaill reatha ag feidhmniú i gcleachtas poiblí, tionscal, seirbhísí airgeadais agus san earnáil phoiblí, i níos mó ná 28 tíortha ar fud an domhain. 

Tá an Institiúid gníomhach sa ghairm ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, tá sí rannpháirteach i gCoiste Comhairleach Comhlachtaí Cuntasaíochta in Éirinn. In éineacht le comhlachtaí tosaigh cuntasaíochta eile, bhí an Institiúid ina ball bunaitheora de Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí – an comhlacht domhanda. Tá an Institiúid, ina theannta sin, ina ball den Federation des Experts Comptables Europeans (FEE), an comhlacht ionadaíochta do na príomhchomhlachtaí cuntasaíochta i 25 tíortha Eorpaigh.

Comhlíonann an Institiúid a ról reachtúil mar chomhlacht aitheanta trí mhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gairmiúla a baill ina gcuid chleachtais agus trí chinntiú go gcothabháiltear na caighdeáin is airde oideachasúla agus oiliúna. 
Mar an chéad chomhlacht cuntasaíochta a thug isteach córas éigeantach d’oideachas leanúnach gairmiúil, cinntíonn an institiúid go bhfanann gach CDP ag an imeall tosaigh ar feadh a ngairmréime.

Soláthraíonn an Institiúid seirbhís den scoth dá baill agus dá mic léinn; seirbhís atá aitheanta trí bhronnadh an ISO 9001:2000 uirthi agus a choinneáil.

Ról na hInstitiúide

Tá an Institiúid ann le:

  • Rialú a dhéanamh ar na CDPanna de réir dlí agus Cód Eitice na hInstitiúide agus de réir leas an phobail.
  • Cinntiú go bhfuil na CDPanna cothrom le dáta i ngach gné dá n-obair ghairmiúil.
  • Cothabháil na caighdeáin oideachasúla is airde i measc iontrálaithe nua sa ghairm.
  • hIonadaíocht a dhéanamh do na baill mas iomchuí.

Take Your Career Anywhere.

Ranging from progressing in your career whilst at college to securing trainee roles, CPA Ireland has a number of options

Find out Your Options